
Réamhrá | Introduction
Tá athrú aeráide ar cheann de na hábhair is tábhachtaí sa tsochaí sa lá atá inniu ann. Is ábhar coitianta é i scrúdú béil na Gaeilge don Ardteist, agus is féidir le daltaí pointí breise a fháil má bhíonn siad in ann labhairt go muiníneach faoi. Tá an t-alt seo dírithe ar mhic léinn chun cabhrú leo foclóir agus frásaí úsáideacha a fhoghlaim chun an t-ábhar seo a phlé go héifeachtach.
Climate change is one of the most important topics in today's society. It is a common topic in the Irish oral exam for the Leaving Cert, and students can earn extra points if they can speak confidently about it. This article is designed to help students learn useful vocabulary and phrases to discuss this topic effectively.
Cad is Athrú Aeráide ann? | What is Climate Change?
Is éard is athrú aeráide ann ná athruithe fadtéarmacha ar theocht an domhain agus ar choinníollacha aimsire mar gheall ar ghníomhaíocht an duine agus ar fhachtóirí nádúrtha. Tá méadú tagtha ar an teocht dhomhanda, rud a chuireann fadhbanna cosúil le tinte foraoise, tuilte agus stoirmeacha níos minice.
Climate change refers to long-term changes in global temperatures and weather conditions due to human activity and natural factors. There has been an increase in global temperatures, leading to problems such as wildfires, floods, and more frequent storms.
Foclóir Úsáideach | Useful Vocabulary
Athrú Aeráide – Climate change
Breosla Neamh-Inathnuaite – Non-renewable fuel
Astaíochtaí Carbóin – Carbon emissions
An Timpeallacht – The environment
Teocht Dhomhanda – Global temperature
Triomaigh – Droughts
Tuilte – Floods
Tinte Foraoise – Wildfires
Stoirmeacha – Storms
Fianaise – Evidence
Conas a Phléigh an t-ábhar seo sa Scrúdú Béil | How to Discuss this Topic in the Oral Exam
1. Do Thuairim Féin a Thabhairt | Giving Your Own Opinion
Is ábhar fíorthábhachtach é seo atá go mór i mbéal an phobail le blianta beaga anuas.
This is a very important topic that has been widely discussed in recent years.
Ní saineolaí mé, ach ceapaim go bhfuil an aeráid ag athrú go suntasach.
I'm not an expert, but I think the climate is changing significantly.
2. Fianaise a Lua | Mentioning Evidence
Féach ar an aimsir in Éirinn le tamall – níos mó stoirmeacha ná riamh!
Look at the weather in Ireland lately – more storms than ever!
Tá leibhéil na bhfarraigí ag ardú agus tá an aimsir ag éirí níos foircní.
Sea levels are rising, and the weather is becoming more extreme.
3. Cé atá Freagrach? | Who Is Responsible?
Sílim go bhfuil an locht ar an rialtas agus ar na polaiteoirí.
I think the blame lies with the government and politicians.
Tá mórán corparáidí móra ag truailliú an domhain.
Many big corporations are polluting the planet.
4. Céard is Féidir Linn a Dhéanamh? | What Can We Do?
Caithfimid ár lorg carbóin a laghdú trí bhreoslaí in-athnuaite a úsáid.
We must reduce our carbon footprint by using renewable fuels
Is féidir linn athchúrsáil a dhéanamh agus níos lú plaisteach a úsáid.
We can recycle and use less plastic.
Daoine a Throid ar Son na Timpeallachta | People Fighting for the Environment
Tá go leor daoine cáiliúla ag troid ar son todhchaí ár ndomhain. Many famous people are fighting for the future of our planet.
Greta Thunberg – Is laoch ceart í Greta Thunberg. Spreag sí daoine óga ar fud an domhain chun gníomhú.Greta Thunberg is a true hero. She has inspired young people all over the world to take action.
David Attenborough – Tá an clár faisnéise 'A Life on Our Planet' an-éifeachtach chun daoine a chur ar an eolas faoi athrú aeráide. The documentary 'A Life on Our Planet' is very effective in educating people about climate change.
Conclúid | Conclusion
Tá athrú aeráide ar cheann de na dúshláin is mó atá romhainn. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh eolas ag daltaí air agus go mbeadh siad in ann é a phlé go muiníneach sa scrúdú béil. Ná déan dearmad frásaí tábhachtacha a fhoghlaim agus do thuairim a nochtadh!
Climate change is one of the biggest challenges we face. It is essential that students are informed about it and can discuss it confidently in the oral exam. Don’t forget to learn key phrases and express your opinion!
Go n-éirí an t-ádh leat sa scrúdú!
Comments