top of page

An Córas Sláinte agus an Scrúdú Béil The Health System and the Oral Exam



Réamhrá | Introduction

Tá an córas sláinte ar cheann de na hábhair thábhachtacha i scrúdú béil na hArdteistiméireachta. Baineann sé le cúram sláinte, ospidéil, liostaí feithimh agus an chaoi a bhfeidhmíonn an córas sláinte in Éirinn. Tá sé tábhachtach go mbeadh stór focal cuí agus tuiscint mhaith agat ar an ábhar seo le go mbeidh tú ábalta labhairt faoi go muiníneach sa scrúdú.

The health system is one of the important topics in the Irish Leaving Cert oral exam. It relates to healthcare, hospitals, waiting lists, and how the healthcare system operates in Ireland. It is essential to have an appropriate vocabulary and a good understanding of this topic so that you can speak confidently about it in the exam.

Eochairfhocail | Key Vocabulary

  • An Roinn Timpiste agus Éigeandála – The Accident and Emergency Department

  • Dochtúirí – Doctors

  • Altraí – Nurses

  • Othair – Patients

  • Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) – Health Service Executive (HSE)

  • Ospidéil – Hospitals

  • Tralaithe – Trolleys

  • Liostaí feithimh – Waiting lists

  • Córas poiblí – Public system

  • Ciorruithe – Cuts

  • Obráid – Surgery

  • Ina chior thuathail – In chaos

  • Is fearr an tsláinte ná na táinte – Health is better than wealth

Fadhbanna sa Chóras Sláinte | Problems in the Health System

Ní dóigh liom go bhfuil muintir na tíre sásta leis an gcóras sláinte le cúpla bliain anuas mar tá sé ina phraiseach ceart. Bíonn an Roinn Éigeandála agus Timpiste i gcónaí plódaithe le daoine ag fanacht ar chabhair. Tá na hospidéil faoi bhrú agus ní féidir leo an t-éileamh a láimhseáil. Níl dóthain spáis nó leapacha ar fáil do na hothair ar fad. Fanann othair tréimhsí fada chun áit a fháil sna hospidéil. Tá géarghá le córas níos fearr a chur ar fáil agus infheistíocht sa tseirbhís sláinte a mhéadú.

I don’t think the people of the country are happy with the health system in recent years because it is in complete chaos. The A&E department is always overcrowded with people waiting for help. Hospitals are under pressure and cannot manage the demand. There is not enough space or beds available for all the patients. Patients have to wait long periods to get a place in hospitals. There is an urgent need for a better system and increased investment in the health service.

Buntáistí agus Feabhsuithe | Advantages and Improvements

Ach mar a deir an seanfhocal, Bíonn dhá insint ar gach scéal. Chomh maith leis na fadhbanna, tá buanna ann freisin. Tá altraí agus dochtúirí den scoth againn a oibríonn go dian dícheallach ar son na ndaoine. Bíonn trua agam dóibh toisc go mbíonn an t-uafás brú orthu. Tá seirbhísí cúraim sláinte áirithe in Éirinn ar ardchaighdeán, mar shampla an córas vacsaínithe agus an cúram éigeandála.

But as the saying goes, There are two sides to every story. As well as the problems, there are also positives. We have excellent nurses and doctors who work extremely hard for the people. I feel sorry for them because they are under a huge amount of pressure. Certain healthcare services in Ireland are of a high standard, such as the vaccination system and emergency care.

Tábhacht don Scrúdú Béil | Importance for the Oral Exam

Má bhíonn tú ábalta labhairt faoi chúrsaí sláinte go muiníneach, taispeánfaidh sé go bhfuil stór focal maith agat agus go dtuigeann tú cúrsaí reatha. Is féidir go n-iarrfaidh an scrúdaitheoir ort ceisteanna mar:

If you can speak confidently about healthcare topics, it will show that you have a good vocabulary and understand current affairs. The examiner may ask you questions such as:

  1. Cad iad na fadhbanna is mó atá sa chóras sláinte in Éirinn?What are the biggest problems in the health system in Ireland?

  2. An gceapann tú go bhfuil an córas sláinte in Éirinn éifeachtach?Do you think the health system in Ireland is effective?

  3. Cad ba cheart don rialtas a dhéanamh chun feabhas a chur ar an gcóras?What should the government do to improve the system?

  4. An bhfuil eispéireas agat le cúram sláinte in Éirinn?Do you have any experience with healthcare in Ireland?

Dá mhéad ullmhúcháin a dhéanann tú, is ea is fusa a bheidh sé freagraí maithe a thabhairt.

The more preparation you do, the easier it will be to give good answers.

Conclúid | Conclusion

Tá an córas sláinte ar cheann de na hábhair is tábhachtaí sa scrúdú béil. Cé go bhfuil fadhbanna móra ann, tá foireann leighis den scoth againn in Éirinn. Tá sé tábhachtach a bheith ullmhaithe le foclóir agus tuiscint mhaith ar an ábhar seo.

The health system is one of the most important topics in the oral exam. While there are major problems, we have excellent medical staff in Ireland. It is important to be prepared with vocabulary and a good understanding of this topic.

Comentarios


bottom of page